Skip to main content

Irish language experiencing cultural revival- and ATU is part of the movement 

Orlaith Ní Mheachair, Oifigeach Forbartha Gaeilge, ATU/Irish Language Development Officer at ATU.

According to Orlaith Ní Mheachair, Oifigeach Forbartha Gaeilge/Irish Language Development Officer at ATU, the most noticeable change in recent years is a shift in how people view and engage with the language. 

“What has changed most is confidence,” she explains. “Irish is no longer framed primarily as an academic subject- it’s becoming part of popular culture and public identity. Students are encountering Irish in music, social media, sport and branding in ways that feel current and authentic.” 

Across Ireland, younger generations are rediscovering Irish through contemporary culture, digital platforms and creative expression. This modern presence is helping the language evolve and reconnect with people in ways that feel relevant to their daily lives. 

“The visibility of Irish in contemporary music, media and digital spaces signals that it belongs to this generation,” says Orlaith. “From what we see at ATU, this is more than a passing trend. It reflects a broader cultural shift where the Irish language is seen as an asset and part of Ireland’s future, not just its past.” 

At ATU, Irish is increasingly visible well beyond the classroom. While formal language programmes remain important, the university is also nurturing everyday use of Irish through signage, marketing materials, student societies, research initiatives and informal communication across campus. 

Many people are surprised by how naturally Irish now appears in these spaces, according to Orlaith. 

From coffee mornings and film nights to craft events, auctions and pop-up roadshows, it’s amazing to see the many ways Irish can be used and enjoyed. Tá an Ghaeilge beo anseo san ATU.

Attitudes toward Irish among both staff and students are evolving. For many who may have had mixed experiences learning the language in school, the university environment offers a fresh opportunity to reconnect without pressure. 

“There is much less fear of getting it wrong,” Orlaith notes. “Instead, there is curiosity and a willingness to try. Even people who don’t consider themselves fluent are happy to use a cúpla focal in everyday interactions, and with that comes pride and hope for the language.” 

Creating a welcoming environment for learners and returning speakers is central to ATU’s approach. Supports available to staff and students include informal conversation circles, short refresher courses, online resources and cultural events designed to build confidence rather than focus on perfection. 

“Fluency is not the entry requirement,” says Orlaith. Irish belongs to everyone. The important thing is creating spaces where people feel comfortable using whatever level of Irish they have.” 

ATU sees its support for the language as both a cultural and regional responsibility. 

“Universities help shape confidence,” Orlaith says. “When Irish is used in meetings, emails, events and public communications, it shows that it works as a professional language as well as a cultural one.” 

In five years’ time, success would mean Irish is seamlessly part of daily university life- heard in corridors, visible on digital platforms and used confidently in both formal and informal settings, Orlaith says. 

It would also mean expanding Irish-language supports within fields like education, health, social care, tourism, heritage and business, so that graduates can confidently engage with Irish-speaking communities in their professional careers, she adds.  

For those wondering how to support the language, ATU’s Irish language development officer says the answer is simple. 

“Start small. Say ‘Dia duit’, add a line of Irish to your email signature, or try a cúpla focal in conversation. Small acts normalise the language and make a real difference.” 

Her message to the ATU community is clear:

Don’t be afraid to own the language- is linne í.


Athbheochan na Gaeilge – agus Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (ATU) ina lár 

An Ghaeilge – ‘imithe i léig’ nó ar an dé deiridh a dheirtí go minic tráth — ach tá athbheochan láidir chultúrtha á feiceáil ar fud na hÉireann anois – sa cheol, sna meáin, san oideachas agus sa ghnáthshaol laethúil – tá sí níos feiceálaí anois ná riamh. In Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (ATU), léirítear an mhuinín nua seo sa láithreacht agus in úsáid na Gaeilge ar fud na gcampas.

Dar le hOrlaith Ní Mheachair, Oifigeach Forbartha Gaeilge na hOllscoile, is é an t-athrú is suntasaí le blianta beaga anuas ná an chaoi a bhfeiceann daoine an teanga agus mar a théann siad i ngleic léi.

“Is í an mhuinín an rud is mó atá athraithe,” a deir sí. “Ní bhreathnaítear ar an nGaeilge mar ábhar acadúil níos mó — tá sí mar chuid den chultúr agus dár bhféiniúlacht anois. Tá mic léinn ag feiceáil an Ghaeilge sa gceol, ar na meáin shóisialta, sa spórt agus sa bhrandáil ar bhealach nua-aimseartha.”

Ar fud na tíre, tá an ghlúin óg ag aimsiú an teanga arís trí chultúr comhaimseartha, ardáin dhigiteacha agus léiriú cruthaitheach. Tá an feiceálacht nua-aimseartha seo ag tacú le forbairt na teanga agus ceangail arís le daoine ar bhealaí atá ábhartha dá saol laethúil.

“Tugann infheictheacht na Gaeilge sa cheol comhaimseartha, sna meáin agus sna spásanna digiteacha le fios go mbaineann sí leis an nglúin seo,” a deir Orlaith. “Ón méid a fheicimid san ATU, ní treocht é seo ach rud i bhfad níos mó ná sin. Léiríonn sé seo aistriú cultúrtha níos leithne ina bhfeictear an Ghaeilge mar acmhainn agus mar chuid de thodhchaí na hÉireann, ní mar chuid den stair amháin.”

San ATU, tá an Ghaeilge feiceálach taobh amuigh den seomra ranga. Cé go bhfuil cláracha oifigiúla teanga tábhachtach fós, tá an ollscoil ag cothú úsáid laethúil na Gaeilge freisin tríd an chomharthaíocht, ábhar margaíochta, cumainn, tionscnaimh taighde agus cumarsáid neamhfhoirmiúil trasna na gcampas.

Tá ionadh ar go leor daoine cé chomh nádúrtha is atá an teanga le féiceáil anois, dar le Orlaith.

Ó mhaidineacha caife agus oícheanta scannáin go himeachtaí ceardaíochta, ceantanna agus seó bóthair, tá sé dochreidte na bealaí ar féidir an Ghaeilge a úsáid agus spraoi a bhaint aisti. Tá an Ghaeilge beo anseo san ATU!

Tá an meon i leith na Gaeilge ag athrú i measc baill foirne agus mac léinn araon. Dóibh siúd a raibh taithí mheasctha acu ar an nGaeilge a fhoghlaim ar scoil, tugann timpeallacht na hollscoile deis dóibh ceangal in athuair leis an teanga, gan brú.

“Is beag an faitíos atá ar dhaoine anois botúin a dhéanamh,” a deir Orlaith. “In áit sin, tá fiosracht agus toilteanas ann iarracht a dhéanamh. Fiú daoine nach bhfuil líofa, bíonn siad sásta cúpla focal a úsáid go laethúil, agus leis sin tagann bród agus dóchas don teanga.”

Is cuid ríthábhachtach do chur chuige an ATU é timpeallacht fháiltiú a chruthú do fhoghlaimeoirí agus dóibh siúd atá ag filleadh ar an teanga arís. I measc na dtacaíochtaí atá ar fáil don fhoireann agus do mhic léinn tá ciorcail chomhrá neamhfhoirmiúla, cúrsaí gearra, acmhainní ar líne agus imeachtaí cultúrtha atá dírithe ar muinín a chothú seachas ar fhoirfeacht labhartha.

“Ní hí an líofacht an riachtanas iontrála anseo,” arsa Orlaith. Is le chuile dhuine an Ghaeilge. Is é an rud is tábhachtaí ná spásanna a chruthú ina mbraitheann daoine compordach ag úsáid cibé leibhéal Gaeilge atá acu.”

Feiceann an ATU tacaíocht don teanga mar chuid dá fhreagracht chultúrtha agus réigiúnach.

“Cuidíonn ollscoileanna le muinín a chothú,” a deir Orlaith. “Nuair a úsáidtear an Ghaeilge i gcruinnithe, ríomhphoist, imeachtaí agus cumarsáid phoiblí, léiríonn sé go n-oibríonn sí mar theanga ghairmiúil chomh maith le teanga chultúrtha.”

Is deacair rathúlacht a thomhas, ach i gceann cúig bliana, dá mbeadh an Ghaeilge ina cuid lárnach de shaol laethúil na hollscoile — le cloisteáil sna pasáistí, le feiceáil ar ardáin dhigiteacha agus á úsáid go muiníneach i suíomhanna foirmeálta agus neamhfhoirmeálta – bheadh againn, a deir Orlaith.

Ciallódh sé sin freisin tacú le húsáid na Gaeilge i réimsí ar nós oideachais, sláinte, cúram sóisialta, turasóireachta, oidhreachta agus gnó, ionas go bhféadfadh céimithe plé go muiníneach le pobal na Gaeilge ina saol gairmiúil, a deir sí.

Do na daoine atá ag smaoineamh ar bealach chun tacú leis an teanga, deir Oifigeach Forbartha na Gaeilge an ATU go bhfuil an freagra simplí.

“Céim ar chéim! Abair ‘Dia duit’, cuir líne Gaeilge le do shíniú ríomhphoist, nó bain triail as cúpla focal i gcomhrá. Déanann bearta beaga difríocht mhór”.

Tá teachtaireacht soiléir aici do phobal na hOllscoile: Ná bíodh eagla ort seilbh a bheith agat ar an teanga — is linne í.”

Ná bíodh eagla ort seilbh a bheith agat ar an teanga — is linne í.

Photo caption: Orlaith Ní Mheachair, Oifigeach Forbartha Gaeilge, ATU/Irish Language Development Officer at ATU. 

Ivana Hanjs 

Communications Officer 

Tel: +353 89 963 9559  

E: ivana.hanjs@atu.ie