Anseo atá do Thodhchaí
Ollscoil teicneolaíochta ilchampais é OTA in iarthar agus in iarthuaisceart na hÉireann ina soláthraítear meascán saibhir de bharr feabhais acadúil agus taighde, de chaighdeán na beatha agus de dheiseanna.
Cúrsaí ar Líne, Solúbtha agus Forbartha Gairmiúla
Cuirtear breis agus 350 cúrsa ar líne, cumaisc agus ar campas ar fáil in OTA inar féidir le mic léinn cáilíochtaí solúbtha atá go hiomlán creidiúnaithe a fhreastalaíonn ar éileamh an tionscail a bhaint amach.
Printíseachtaí
Cuirtear roinnt cláir phrintíseachta ghairmiúla agus atá dírithe ar cheardaíocht ar fáil in OTA.
Springboard+
Cuirtear breis agus 50 clár saor in aisce nó a mhaoinítear go páirteach ar fáil in OTA ar féidir cur isteach orthu trí Springboard agus Colún 1 HCI (Tionscnamh Caipitil Daonna), a thacaíonn le daoine aonair atá ag iarraidh tabhairt faoi uasoiliúint nó athoiliúint agus a chabhraíonn le freastal ar na héilimh ar scileanna sna príomhlimistéir fáis laistigh dár ngeilleagar.
Cúrsaí Iarchéime
Cuirimid breis agus 115 rogha sholúbtha, pháirtaimseartha agus lánaimseartha staidéir iarchéime ar fáil i measc réimse fairsing disciplíní.