Tá Údarás na Gaeltachta agus EMPOWER chun clár Cumasú níos leithne a sheoladh tar éis an clár píolótach rathúil in 2023, ag díriú ar bhanfhiontraithe

Friday, March 08, 2024
int womens day

Tá clár nua do bhanfhiontraithe i gceantair Ghaeltachta Mhaigh Eo, na Gaillimhe, Dhún na nGall, Chiarraí, Chorcaí, na Mí agus Phort Láirge á sheoladh ag Údarás na Gaeltachta, i gcomhpháirtíocht leis an Clár Empower, tionscnamh saor in aisce atá á reáchtáil ag Ollscoil Theicneolaíochta an Atlantaigh (OTA) agus Moil Nuálaíochta agus Ionad Rubicon in Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan (OTM).

Tá sé mar aidhm ag an gclár fiontraíochta seo deiseanna d’fhiontraithe ban a chur chun cinn agus féidearthachtaí forbartha gnó a thapú. Tá an-taithí ag Mol Nuálaíochta an OTA agus ag an Ionad Rubicon, OTM i gCorcaigh cláir fiontraíochta go háirithe cláir fhiontraíochta do mhná a chur chun cinn. Seo an chéad uair atá siad ag obair i gcomhpháirtíocht lena chéile ina leithéid de thionscnamh.

Chláraigh 13 banfhiontraí anuraidh le páirt a ghlacadh i gclár píolótach Cumasú TÚS ar bhonn páirtaimseartha thar 12 sheachtain faoi threoir shaineolaithe gnóthlachtaí nuathionscanta. Thug sé seo deis do rannpháirtithe am a chaitheamh le cúramaí baile agus ag an am chéanna a ngnó nua a phleanáil agus a fhorbairt.

Beidh dhá ghné ag baint leis an gClár nua seo i mbliana – CUMASÚ TÚS agus CUMASÚ FÁS.

Tá an clár CÚMASÚ TÚS dírithe ar mhná a bhfuil smaoineamh gnó acu atá ag pointe luath agus ar mian leo sin a fhorbairt agus a fhás. Reáchtálfar an clár seo thar 12 sheachtain ar-líne don chuid is mó le roinnt ócáidí i bpearsa. Tá an deis ann smaoineamh a thástáil le feiceáil an nglacfaidh an custaiméir leo.

Tá an clár CUMASÚ FÁS dírithe ar mhná atá i mbun gnó le 18 mí nó níos mó agus a bhfuil cónaí orthu i gceantair Ghaeltachta agus atá ag iarraidh fás agus méadú de réir scála. Tá an clár seo bunaithe ar fhoghlaim piaraí le piaraí le comhbhunaitheoirí ban agus beidh sé ar siúl lá amháin in aghaidh na míosa.

Deir Orla Flynn, Uachtarán OTA: “Tá lúcháir orm go bhfuil OTA i gcomhpháirtíocht arís le hÚdarás na Gaeltachta chun tacú le fiontraíocht mná sna ceantair Ghaeltachta, ag tógáil ar ár gclár píolótach rathúil anuraidh. Is cúis áthais ar leith dom go bhfuil an Rubicon in OTM rannpháirteach sa chomhpháirtíocht i mbliana freisin agus nach strainséirí ar bith iad féin chun bheith ag tacú le fiontraíocht ban. Le chéile beimid ag tacú le gach réigiún Gaeltachta in Éirinn, ar fud Dhún na nGall, na Gaillimhe, Mhaigh Eo, Chiarraí, Chorcaí, Phort Láirge agus na Mí. Ní neart go cur le chéile!”

Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta agus é chomh sásta céanna, go bhfuil sé ríthábhachtach don tÚdarás deiseanna a chruthú do ghrúpaí tearc-ionadaithe san fhiontraíocht agus tá sé tábhachtach cinntiú go mbainfimid leas as an tallann nach mbaintear leas as i measc cuid mhór den daonra. Tá an clár Cumasú mar chéad chéim do bhanfhiontraithe agus tá an tÚdarás ag obair ar na chéad chéimeanna eile do na fiontraithe sin agus iad ag iarraidh smaointe úra a thabhairt chun beatha. Agus é sin á dhéanamh, is minic a réiteoidh sé seo fadhbanna ina bpobal, cruthóidh sé fostaíocht áitiúil, inbhuanaithe agus freisin le himeacht ama forbróidh sé cohórt a chruthóidh gnó le bheidh in ann tapú ar cuid den mhargadh domhanda.

Deir Maria Staunton, Comhordaitheoir EMPOWER in OTA ‘anuraidh ritheamar an Clár EMPOWER Cumasú agus bhí 13 mná páirteach sa Chlár Cumasú TÚS. De bharr go raibh an-rath ar an gclár sin tugadh an clár EMPOWER Cumasú chuig ceantair níos leithne sna Gaeltachtaí ar fud na hÉireann.

Táimid ag súil le breis agus 110 bean a mhealladh chuig an gClár EMPOWER Cumasú thar na 3 bliana amach romhainn. Táimid ag tnúth le dul i gcomhpháirtíocht freisin le Lárionad Rubicon in OTM i gCorcaigh agus breathnú ar níos mó gnólachtaí mná ag forbairt agus ag fás inár réigiúin tuaithe’.

Le dea-ghuí,

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le ATU iHub Mayo ar empower.galwaymayo@atu.ie nó féach ar suíomh www.empowerprogramme.ie

Tuilleadh eolais:

Ag Ceiliúradh Lá Idirnáisiúnta na mBan ag iHub OTA Mhaigh Eo bhí, ó chlé go deas: Carmel Connor, Sage Wellbeing; Maria Staunton, Bainisteoir iHub OTA Mhaigh Eo agus Clár Empower/ Cumasú; Zara Keane, Aisling Gutherie and Mary King, Horizon; Dani Baumgarten, Dani Teal; Barbara O’Shea, iHub OTA Mhaigh Eo; Majella Allen, OTA; Treasa Fitzgibbons ó Treasa Fitzgibbons and Gillian McGeever, Innova Recruitment.

 

Údarás na Gaeltachta and EMPOWER partner to launch a wider Cumasú programme following on successful pilot in 2023, focusing on female entrepreneurs

A new programme for female entrepreneurs in the Gaeltacht areas of Mayo, Galway, Donegal, Kerry, Cork, Meath and Waterford is being launched by Údarás na Gaeltachta, in partnership with the Empower Programme, a free initiative run by the Atlantic Technological University (ATU) Innovation Hubs and the Rubicon Centre at Munster Technological University (MTU) that aims to promote and fast-track female entrepreneurship. The ATU Innovation Hub and the MTU Rubicon Centre in Cork both have vast experience delivering entrepreneurship programmes in particular female entrepreneurship programmes. This is the first time they are partnering on such an initiative.

Last year 13 women signed up to participate in a pilot Cumasú Start programme which was delivered part-time over 12 weeks by start-up experts. This allowed participants to balance their family commitments while at the same time planning and developing their new business.

This new Programme will have two parts – EMPOWER Start and EMPOWER Grow.

EMPOWER Start is for females with an early-stage business idea that they want to develop and grow. This programme will be delivered over 12 weeks mostly online with some in person events. The opportunity is to test start up idea(s) for customer acceptance.

EMPOWER Growth is for female founders in business 18 months plus living in the Gaeltacht areas that want to grow and scale. This programme is based on peerto peer learning with fellow female founders and will take place one day per month.

Orla Flynn, President of ATU states: “I’m delighted that ATU is again partnering with Údarás na Gaeltachta to support female entrepreneurship in the Gaeltacht regions, building on our successful

pilot programme last year. I’m especially pleased that this year the partnership also includes the Rubicon in MTU, themselves no strangers to supporting female entrepreneurship. Together we will be supporting all Gaeltacht regions of Ireland, across Donegal, Galway, Mayo, Kerry, Cork, Waterford and Meath. Ní neart go cur le Chéile!”

Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach of Údarás, is equally delighted, stating “creating opportunities for underrepresented groups in entrepreneurship is a key priority for Údarás, and is vital to ensure that we draw on the often untapped talent among a huge swathe of the population. Cumasú is the first step, we hope of many, for female entrepreneurs and Údarás is working on the next steps for those entrepreneurs as they seek to bring novel ideas to life. In doing so, this will often solve problems in their community, create local, sustainable employment and also over time develop a cohort that will create business that can seek to capture part of a global market”.

Maria Staunton, EMPOWER Coordinator at ATU, states last year we ran the EMPOWER Cumasú Programme with 13 females engaging in the Start Programme. Following that success we went on to bring the rest of the EMPOWER Programme to the wider regions of the Gaeltacht across Ireland. We are hoping to attract over 110 females onto the EMPOWER Cumasú Programme over the next 3 years. We are looking forward to partnering also with the Rubicon Centre at MTU in Cork and watching more female businesses develop and grow in our rural regions”’. For more information contact ATU iHub Mayo on empower.galwaymayo@atu.ie or www.empowerprogramme.ie

 

Photo caption: L to R: Carmel Connor, Sage Wellbeing; Maria Staunton, Manager of the ATU Mayo iHub and Empower/ Cumasú programme; Zara Keane, Aisling Gutherie and Mary King, Horizon; Dani Baumgarten, Dani Teal; Barbara O’Shea, ATU iHub Mayo; Majella Allen, ATU; Treasa Fitzgibbons of Treasa Fitzgibbons and Gillian McGeever, Innova Recruitment.