Courses
Gradam na Gaeilge d’Ábhar Oidí Seolta ag Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh / ATU Launches Irish Language Bursary for Student Teachers
D’fhógair Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA), seoladh Gradam na Gaeilge d’Ábhar Oidí, sparánacht nua a thacóidh le mic léinn atá ag tabhairt faoi shocrúcháin scoile i scoileanna Gaeltachta agus i scoileanna lán-Ghaeilge. Atlantic Technological University (ATU) announced the launch of Gradam na Gaeilge d’Ábhar Oidí, a new Irish language bursary designed to support student teachers completing school placements in Irish-medium and Gaeltacht schools.

D’fhógair Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA), seoladh Gradam na Gaeilge d’Ábhar Oidí, sparánacht nua a thacóidh le mic léinn atá ag tabhairt faoi shocrúcháin scoile i scoileanna Gaeltachta agus i scoileanna lán-Ghaeilge. Beidh an sparánacht seo ar fáil ó bhliain acadúil 2025/26 ar aghaidh.
Is trí chomhoibriú idir Oifig na Gaeilge OTA, an tIonad Teagaisc agus Foghlama, agus foirne acadúla fud fad na hollscoile a tháinig an Gradam seo chun cinn. Léiríonn sé seo tiomantas na hOllscoile leis an Ghaeilge a chur chun cinn agus a chaomhnú, go háirithe i gcomhthéacs chláracha Oiliúint Tosaigh Múinteoirí (ITE).
Beidh an sparánacht seo oscailte do mhic léinn atá i mbliain 3 agus 4 ar chláir iar-bhunscoile ITE ábhartha ar champais:
- OTA, San Aingeal
- OTA, Chathair na Gaillimhe (Bóthar Pháirc an Tobair)
- OTA, Chonamara
Tá sé mar aidhm leis an ngradam seo líofacht sa nGaeilge a chothú i measc múinteoirí faoi oiliúint, oidhreacht chultúrtha agus theangeolaíoch na tíre a chaomhnú, fás an earnáil oideachas lán-Ghaeilge a spreagadh chomh maith le deiseanna gairme céimithe na hOllscoile i múineadh lán-Ghaeilge a fheabhsú.
Ní mór d’iarrthóirí incháilithe:
- A bheith cláraithe go lánaimseartha ar chlár ITE ábhartha ar champas ATU San Aingeal nó i Roinn an Oideachais Chruthaitheach agus socrúchán scoile a bheith deimhnithe acu do scoil Ghaeltachta nó i scoil lán-Ghaeilge.
- Ráiteas pearsanta a chur leis an t-iarratas ag leagan amach céard a spreagann iad, a dtaithí féin ar shocrúcháin scoile agus na mianta atá acu i leith a ngairm san oideachas lán-Ghaeilge.
- Páirt a ghlacadh in agallamh gearr má chuirtear ar an ngearrliosta iad.
Beidh ar mic léinn a gheobhaidh an gradam acmhainní teagaisc a d’fhorbair siad le linn a socrúcháin scoile a roinnt le rannóga ábhartha mar thacaíocht do mhic léinn atá le teacht, chomh maith le feasacht ar dheiseanna i réimse an oideachais lán-Ghaeilge a chur chun cinn i measc a gcomh-mhac léinn.
“Is céim thábhachtach í an Ghradam seo chun uirlisí agus taithí luachmhara a thabhairt don chéad ghlúin eile múinteoirí le bheith ag múineadh trí Ghaeilge agus chun an teanga a chur chun cinn ar bhealaí buana agus fiúntacha,” a dúirt Orlaith Ní Mheachair, Oifigeach Forbartha Gaeilge OTA.
“Tá an-áthas orainn an Gradam seo a sheoladh mar léiriú ar thiomantas na hOllscoile d’fhorbairt na Gaeilge in OTA.”
Is féidir iarratais a dhéanamh ar líne thríd an fhoirm iarratas nó tuilleadh eolais a iarraidh trí teaghmháil a dhéanamh le Oifig na Gaeilge ag gradam@atu.ie.
Atlantic Technological University (ATU) announced the launch of Gradam na Gaeilge d’Ábhar Oidí, a new Irish language bursary designed to support student teachers completing school placements in Irish-medium and Gaeltacht schools. The bursary will be available from the 2025/26 academic year.
Developed through collaboration between ATU’s Oifig na Gaeilge, the Teaching and Learning Centre, and academic teams across the university, the initiative is part of ATU’s commitment to promoting and preserving the Irish language, particularly within Initial Teacher Education (ITE) programmes.
The bursary will be open to students in Stage 3 and 4 of relevant post-primary ITE programmes at:
- ATU St. Angelas
- ATU Galway City (Wellpark Road)
- ATU Connemara
The goals of the initiative include promoting Irish language proficiency among future educators, preserving Irish cultural and linguistic heritage, supporting the growth of the Irish-medium education sector and enhancing ATU graduates career opportunities in Irish-medium teaching.
Eligible applicants must:
- Be full-time students in a relevant ITE programme on our ATU St. Angelas campus or within the Department of Creative Education, while completing a verified placement in an Irish-medium or Gaeltacht school.
- Submit a personal statement as part of their application – outlining their motivations, placement experience, and career aspirations in Irish-medium education.
- Participate in a short interview if shortlisted.
Bursary recipients will also contribute by sharing a small selection of teaching resources from their placements for use by future students, and by helping raise awareness of opportunities in Irish-medium education among their peers.
“This bursary is an important step in empowering the next generation of educators to teach through Irish and promote the language in meaningful, lasting ways,” said Orlaith Ní Mheachair, Irish Language Development Officer at ATU. “We are delighted to launch this bursary as part of our wider commitment to Irish language development here at ATU.”
You can apply through the application form here or request further information by contacting Oifig na Gaeilge at gradam@atu.ie.